Fáilte chuig wethecitizens.ie!

Fáilte chuig wethecitizens.ie!

Is tionscnamh neamhspleách náisiúnta é ‘We the Citizens’ a bhfuil aidhm soiléir agus simplí aige. Ba mhaith linn taispeáint conas is féidir lenár bPoblacht tairbhe a bhaint as saoránaigh ag teacht le chéile ag úsáid bealaí nua cinnteoireachta poiblí.

Creidimid go bhféadfadh sé seo athnuachan a dhéanamh ar mhuinín an phobail sa pholaitíocht agus Éire sáite i ngéarchéim shóisialta agus eacnamaíochta. Ba mhaith linn labhairt amach thar ceann phobal na hÉireann.

Céard atá i gceist lenár dtionscnamh mar sin? Táimid ag iarraidh ar ár gcomhshaoránaigh teacht le chéile chun a dtuairimí a roinnt ar conas is féidir linn ár dtír a fheabhsú. Ba mhaith le ‘We the Citizens’ go nglacfá páirt i gceann amháin dár seacht n-ócáid shaoránaigh timpeall na tíre. Caithfimid dul i dteagmháil lena chéile chun todhchaí ár dtíre a phlé.

Beidh na heolaithe polaitíochta atá ar ár bhfoireann – grúpa ógánach ar mhaith leo cabhrú lenár dtír freisin – i láthair ag na hócáidí chun éisteacht agus chun na teachtaireachtaí a thagann chun solais a bhreacadh síos. Is iad na tuairimí sin a bheidh mar bhunús dár gclár oibre don chéad chéim mhór eile, sé sin, tionól náisiúnta saoránach a bhunú.

Roghnófar trasghearradh phobal na hÉireann go randamach chun an tionóil a chumadh. Is samhail í seo a raibh rath mór uirthi i bpáirteanna eile don domhan. Léiríonn sé sin go bhfuil saoránaigh lán-ábalta moltaí ciallmhara agus praiticiúla a thabhairt dá gcomhshaoránaigh agus don rialtas ar leasú polaitíochta.

Feictear do ‘We the Citizens’ gur ócáid í seo a thugann deis do mhuintir na hÉireann an Phoblacht a athnuachan agus chun cur le samhlacha nua rannpháirtíochta do shaoránaigh. Mar a deir an seanfhocal, ‘Ní neart go cur le chéile’. Ba bhreá linn tú a bheith linn ag na hócáidí poiblí.

Fiach Mac Conghail

Cathaoirleach
We the Citizens.

© 2015 We The Citizens